

Duilleog Úr = Fresh Leaf
Closed temporarily
due to insurance costs.
Please check back in 2019.
Dúnta go sealadach de bharr costaisí árachais.
Féach arís led' thoil i 2019.
Meal na páistí amach faoin aer le súgradh agus taiscéaladh.
Saor iad ó cheangal na ngléas leictreonacha agus an réaltacht fhíorúil.




Dia dhaoibh. Is mise Clíona. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt dos na páistí teacht amach linn agus spraoi a bheith acu agus iad i mbun eachtraíochta sa choill. Déanfaimid cinnte de go nglacann na páistí páirt i ngníomhaíochtaí a mhúsclóidh cruthaitheacht nádúrtha agus fiosracht iontu.
Faoi
Cad é Scoil sa Choill?
An aidhm ag Scoil sa Choill ná páistí a mhealladh le dul amach faoin aer le dul i dtaithí ar a bheith i measc na bplandaí agus na hainmhithe, le taiscéaladh, agus leis an dúlra a fhiosrú - díreach mar a dhéanaimis fadó! Tugtar tacaíocht do bhuachaillí agus cailíní scaoileadh le strus an tsaoil agus scileanna a fhoghlaim ar nós:
- comhoibriú
- fadhbanna a réiteach
- gluaiseacht coirp
- cothromaíocht coirp
- fiosrú
- breathnú
- meas
- comhordú lámh is súl
- úsáid trealamh
- dearadh agus déanamh
- éisteacht
- féinmhuinín
- teacht aniar
- cruthaitheacht...
agus é seo ar fad lasmuigh.
Cá háit?
Tá sé éasca teacht ar Ráth Fearnáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath tré Éalú 12 a thógáil ón M50.
Tá tailte Coillte foirfe le Scoil sa Choill a reáchtáil - foirfe le haghaidh:
- fothain a thógáil
- feithidí a lorg
- cluichí nádúir a imirt
- samhlú
- ealaín
- snoíodóireacht
- machnamh ar an dúlra
- crainn a dhreapadh
- breathnú ar ainmhithe
agus éin fiáine
- foghlaim faoi phlandaí
agus feithidí
- feabhas a chur ar
chothromaíocht agus ar
bhogadh an choirp, ...
Bíonn na seisiúin i nGaeilge sa tráthnóna agus na seisiúin i nBéarla ar maidin gach Satharn.
Cathain?
Ritheann Scoil sa Choill Duilleog Úr gach Satharn ar 10:30rn i mBéarla agus leanann sé go dtí 1:30in. Bíonn an seisiún Gaeilge sa tráthnóna, 2-5in ar na Satharnta céanna.
Más mian leat go ndéanfadh do pháiste freastal ar sheisiún trialach leis an deis a thabhairt dóibh agus duit a fháil amach cad é Scoil sa Choill, is féidir sin a eagrú.
Is do pháistí 7-12 bliain d'aois é.
Costas?
Seisiún trialach: €15.
Caithfear íoc as na cúrsaí roimh ré le ísliú 10% ar pháistí as an aon teaghlach.
Lean an nasc seo le tuilleadh eolais a fháil.
Réamh-bhucáil riachtanach!
2018
De bharr ardú suntasach san árachas ag Duilleog Úr, is oth liom a chur in iúl nach mbeidh an scoil sa choill ag feidhmiú an séasúr seo. Ní féidir liom an t-ardú seo sa chostas a sheasamh gan ardú mór sa phraghas a ghearradh.
Déanfaidh mé iarracht teacht ar réiteach ar an bhfadhb seo ar bhealach éigean.
Tá sé riachtanach íoc as an gcúrsa iomlán roimh ré.
Cad má bhíonn sé ag cur báistí?
Gléasann muid go te teolaí agus cuireann muid cóta agus brístí báistí orainn agus buataisí báistí. Táimid in Éirinn!
Cad má bhíonn sé fuar?
Gléasann muid go te teolaí agus cuireann muid cóta agus brístí báistí orainn agus buataisí báistí. Déanfaimid iarracht deoch te a chur ar fáil i rith na seisiúin.
Cad má bhíonn sé gaofar?
Bíonn an ghaoth go breá de ghnáth, ach má bhíonn sé stoirmiúil cuirfimid ar ath ló é.

Ag tástáil na rópaí! Aibreán 2016

LE CAITHEAMH +
LE TABHAIRT
Muinchillí agus bríste fada
Geansaí/seaicéad 'fleece'
Stocaí teolaí
Cóta báistí uiscedhíonach (ní díreach uiscedhiúltach)
Brístí uiscedhíonacha
Buataisí báistí (Wellies)
Hata/lámhainní
MÁLA LE hAGHAIDH
Athrú iomlán éadaí
Uachtar gréine
Éarthach feithidí
Lón & sneaiceanna
Cógas riachtanach (e.g. análóir plúchadh)
Tá árachas dliteanais phoiblí ag Duilleog Úr.