

Duilleog Úr = Fresh Leaf
Closed temporarily
due to insurance costs.
Please check back in 2019.
Dúnta go sealadach de bharr costaisí árachais.
Féach arís led' thoil i 2019.
Mar chainteoir dúchasach Gaeilge tá Clíona ag cur Scoil sa Choill ar fáil trí Ghaeilge freisin do pháistí dheisceart Bhaile Átha Cliath. Is iontach an deis é seo do pháistí na mórchathrach foghlaim faoin dúlra agus comhrá nádúrtha a dhéanamh ina measc féin ina bpríomhtheanga.
Ghlaoigh an Piarsach an 'Murder Machine' ar an gcóras oideachais ag an am, córas inar múineadh an t-eolas céanna do gach pháiste fiú muna raibh suim acu go léir ann. Tá an scéal ag athrú agus is áit i bhfad níos fearr an seomra ranga sa lá atá inniu ann, ach fós ní bhíonn an deis ag na páistí dul amach faoin aer agus am a chaitheamh i mbun a bhfiosracht féin.
Tá sé tábhachtach an deis a thabhairt do pháistí dul amach faoin aer agus ligint dóibh bheith fiosrach faoin dúlra máguaird.
Cén fáth?
Foghlaimíonn daoine ar bhealaí éagsúla agus ní i gcónaí a oireann an modh amháin do gach éinne. Amuigh sa choill bíonn saoirse ag na páistí súgradh, rith thart agus fadhbanna a réiteach ar a mbealaí féin. Tá ealaíon thar a bheith tábhachtach d'fhorbairt chruthaitheach an pháiste agus cuirimid an-bhéim air seo, ag úsáid láib, duilleoga, craobhacha, cnónna srl le pictiúirí áille a chruthú, agus trí scéalta agus ceol a chumadh!




Is iontach beatha an scoláire, agus is fearr fós í amuigh faoin spéir.
Scoil sa Choill i Ráth Fearnáin
